Do labhair an tír mar theampall Bhí siúl na habhann boimpéiseach Do chrom go glúin na gleannta Bhí fíor na croise ar ghéaga Le soiscéal gaoithe d'éisteas Bhí naofacht ar an dtalamh Anseo do mhair mo chéadshearc Ó níor ghabhas an treo le fada Chonac saol mar scéal fiannaíochta Fadó fadó ar maidin A mhúnlaigh an tslat draíochta A bhíonn 'na láimh ag leanbh D'aiséirigh 'na taisléine Le solas ar a leacain 'S do thionlaic mé go gléineach Ar oilithreacht fám anam Anseo do mhair mo chéadshearc Ó níor ghabhas an treo le fada Tá aisling ann Is eol dom í Ag fiuchadh i mbroinn mo shamhail Lasair gheal gan chorp mar ghaoith Agus corp oiriúnach á impí aici