S tá sé n'lá a mhíle grá 'S tá sé n'lá dhúinn theacht le chéile 'S tá sé n'lá a mhíle grá An uile dhuin' ar fud na cruinne Mná is leanaí an tSomáil Ar fán le hocras ar na bóithr' Anseo tá flúirse bia ar fáil Is mithid suaimhneas roinnt le chéile? Briseadh croí is sileadh fol' Sa tír bheag seo ó bhail' go baile Ar mhaithe lena nDéithe féin Narbh aoibhinn suaimhneas measc a chéile? Fir is mná an chine daonna 'Choíche 'g iomaíocht le chéile Nach bhfuil na tréithe is deise No na smaointe is éirimiúla Tá'n flamenco ins sa Spáinn 'S fidiléirí binn sa tSualainn Sean nós thiar in Indreabhán Tá saibhreas cultúr againn uile Saibhreas croí 's saibhreas teanga Saibhreas ceoil 's saibhreas damhsa Fásaidh saibhreas grá dá chéilé Ansin beidh saibhreas spioradálta Roinnimidne teas na gréine 'S gile draíochtúil na gealaí Leoithne aoibhinn mín na gaoithe 'S ionann sin i spiorad na cruinne