Chuala mé ceol ar ghaoithe an Gheimhridh, Fonn binn beag álainn, go hard ins an speir, Séirse is gáire, 's smaoinigh me ortsa Binneas na Cruinne, a ghealóg mo chroí. Cealóg do chéannacht, 's is geal í d'aigne, 'S is géire an tsúl a fheiceann fríd an cheo, 'S fearr ceobhrann scaití na géar-léargas gléineach Is amhlaidh an scéala do ghealóg mo chroí. D'eitil tú siar, 's d'eitil tú soir, Fríd scamaill, fríd shneachta 's an fharraige fhuar, Leathnaigh an fhuacht ort a chúinigh do cheolsa 'S d'fhág tu an saol seo, a ghealóg mo chroí Codlaigh a stóirín Codlaigh a stóirín Codlaigh a stóirín Is casfaidh muid arís... Óró, óró...