Tá bó 'gam ar a' sliabh agus táim le seal 'na diaidh Ó chailleas-sa mo chiall le nuachar Na seoladh soir is siar ins' gach áit 'na ngabhann an ghrian Ó mhaidin go mbuí 'n tráthnóna 'S nuair a dh'fhéachaim fhéin anonn insan áit ina mbíodh mo rún Titeann ó m' shúil' sruth deora 'S a Rí Ghil na nGrást, go bhfóiríor ar mo chás Mar 'sí 'n bhean dhubh ón ngleann do bhreoigh mé Bean dubh a' ghleanna, an bhean dhubh do b'fhearra An bhean ba dheise gáire Na grua mar an sneachta 'sa píb mar an eala 'S a com seang, singil, álainn Níl ógánach cailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh Nó 's siúd go Tuaim Uí Mheára Na fuil ag triall is ag tarraingt ar eachaibh donna deasa Ag tnúth leis an mbean dubh álainn Gheobhainnse bean sa Mhumhain, triúr ban i Laighin Bean ón Rí geal Seoirse Bean na lúbaí buí a bhfáiscfeadh mé lena croí Bean is dhá mhíle bó léi Iníon óg an Iarla thá go tinn, dubhach, diacrach Na d'iarraidh mé fháilt le pósadh Ach dá bhfaighinnse féin mo rogh' de mhnáibh, deasa an domhain 'Sí an bhean dhubh ón ngleann do thógfainn