Kishore Kumar Hits

Muireann Nic Amhlaoibh - Faoiseamh Faoistine şarkı sözleri

Sanatçı: Muireann Nic Amhlaoibh

albüm: Thar Toinn / Seaborne


Tair liom agus bí liom
Taobh le taobh, cois ar chois
Le faobhar na faille siar
Féach agus feicfir
Radharc úr na súl flúirseach
Oscail poll balbh na cluaise
Éist go géar le fothram mara
Cloisir glórtha ó dhoimhneas uisce
Fiafrófar duit, labhair agus freagair
Oscail do mheabhair do radharc tíre
Tair liom agus fan liom
Taobh na faille suas in airde
Ar scroilleach garbh Chinn Sratha
Tair liom agus fan faram
Taobh choróin na Gráige thairis
Tabhair fén gcruach in airde
Marcaigh tamall ar shrathar tíre
Tabhair spoir do shrianta bréithre
Siar síos go híor na spéire
Túirling tamall agus clois aríst
Focail mholta ó mhuir na sinsearachta
Ahh haa haa haa
Ahh haa haa haa haa
Oooo hooo hooo hooo
Ha ha ha ha
Buail liom agus tair liom
Mac, iníon nó leannán tí
Athair, máthair, deartháir nó deirfiúr
Duine gaolmhar nó comharsa suaite
Dein t'fhaoistin ag Barra Cruaiche
Abair do rún leis an Triúr Deirfiúr
Le Ceann Sibéal agus Bréanainn thall
Hmmm Hmmm Hmmm Hmmm

Поcмотреть все песни артиста

Sanatçının diğer albümleri

Benzer Sanatçılar