Mo ghrá den chéad fhéachaint thú, a Eileanóir a Rún Is ort a bhím a' smaoineamh tráth a mbím ar mo shuan Mo ghrá den tsaol 's a chéad searc Is tú is deise ná ban Éireann A bhruinnilín deas óg, is tú is deise, milse póg Chúns a mhairfead beo beidh gean a'm ort Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat A Eileanóir a Rún Bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann 'S bhí bua eile aici go dtóigfeadh sí an corp fuar ón mbás Bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé 'Sí grá mo chroí is mo chéad searc A bhruinnilín deas óg, is tú is deise, milse póg Chúns a mhairfead beo beidh gean a'm ort Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat A Eileanóir a Rún An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú, a Eileanóir a Rún? Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú A chuid den tsaol 's a stór? Ó tiocfaidh mé is ní fhanfaidh mé Is maith a d'aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé