Ó, éireoidh mé ar maidin In ainm an Domhnaigh Is rachaidh mé mo chónaí Ar chnocánín bán Ó déanfaidh mé teach ann Ar leataoibh an bhóthair I bhfogas don chóngar Abhus agus thall San áit a mbheidh agam Cead bealaigh is bóthair Caidreamh lucht eolais, Fear loing agus báid Beidh scoil ag lucht ealaíon 'S ag ógánaigh óga Ar lorg an eolais Ag teacht ar mo shráid 'Sé iomrá na gcailleach Sna seandaoine críonna D'fhág mearbhall ar m'intinn Is néal i mo cheann A rá go raibh an Púca ann Ó aimsir na Díleann Go bhfaca na daoine é, Ach níl fhios cén t-am Níorbh é sin a b'ait liomsa Ag teacht go ráithe an Gheimhridh Iad a bheith ag déanamh íospart Istigh ar mo shráid Go mbíonn sé ina chat Is na mhada san oíche Is nár thúsice ina Phúca é Ná ina sheanghearán bán Dhá bhfaighfainnse capall Chomh maith leis an bPúca Bheadh m'anamsa lúfar Ag imeacht is a teacht Dhá mba thíos i gCeann Gaineamh A thógfadh sé a ualach Ó bheadh sé i gceann leathuair Ag binn Éamainn Uí Bhriain Cuirfidh mé sconsa Le hiomaire an Líonáin Ní ligfidh mé aníos é Le fána an Toirc Mhóir Dhá n-ionsódh sé Caiseal Trí cheartlár na Maoine Anonn go tír caorach Nó anonn don tír ghlas Ní ligfidh mé tharam Ar thalamh ná ar thoinn é 'S beidh aireachachas cruinn Agam roimhe sa ród Dhá gcastaí le Jeaic é, Fear maith atá sa tír seo Bhainfeadh sé píosa Dhá leiceann is dhá shrón