Ag fágáil Chonamara dhom Bhí ceo ar shlaibh ó thuaidh An ceo a bhí ar mo chroí Níor ghlan sé dhíom go fóill Le haer an tsaoil a d'imigh mé Is chonaic mé go leor Is bhí tonnta Chonamara Ag dul idir mé 'gus tú Cheap mise a stór go bhfillinn ort Ach féach nach raibh sé i ndán Mar líon an ghaoth na seolta Is thug sí mé ar fán Bhí an long umhal don fharraige Is sheol sí léi thar cionn Is bhí tonnta Chonamara Ag dul idir mé 'gus tú Má théann tú síos cois toinne I gCladhnach glas ó thuaidh Ag tobar cois na farraige Nach bhfuil rófhada ón mbruach Breathnóidh tú ó dheas uait Ar na longa i bhfad ar gcúl Is beidh tonnta Chonamara Ag dul idir mé 'gus tú Má chloiseann tusa glaoch thar toinn San oíche nó sa lá Ar chapall bán a thoicfas mé Ní bheidh an dara húistéar ann Má éalaíonn tú in éindí liom Go dtí an t-oileán álainn ard Is beidh tonnta Chonamara Ag ceiliúradh ár ngrá