Is trua nach bhfuil mé in Érinn San áit a tógadh mé i dtús mo shaoil Ná faoi bhruach na binne móire Ná ag an Éirne lena taobh Sin an áit a bhfaighinn an t-aos óg ann A thógfadh an brón seo 's an tuirse díom 'S da mbeinn bliain eile arís ní b'óige Go mbeinn a dhul leofa arís Bliain mhór agus an t-am seo Bhí mé mo chónaí i gCnoc a' Sciobóil Bhí mo theach mór á dhéanamh Ag saorthaí istigh i gCorcaigh Bhí mo cheann ar bharr píce Le gaoth mhór agus le fearthainn Má tá roinnt agam d'Mháire an Phéarla M'anam gléigeal nach d'téann 'na bhflaitheas Cheannóchainnse garradh Dá n-éireochadh liom Chuirfinn mustard breá ard ann Agus bláth bán ar a' chrann Chuirfinn síol coirce, síol eorna Síol a ndéantar dean lionn 'S gurb é síol eorna na gcártaí A d'fhág an mála ar mo dhroim Mar a éiríos an ghealach Ná mar 'luíos an ghrian 'S mar 'théid an lán mara Fá na cuantaí seo siar B'fhearr liom mo luí i bhfiabhras Ná bheith i bpiantaí móra báis Ná boltaí i bheith in mo dhéinchorp Is iad á bhfáscadh go cruaidh A dheartháir, a Ri na Páirte Tabhair mo chás leat uilig 'na bhaile Mo stocaí agus mo bhróga 'S mo chlócaí atá dubh daite Tabhair scéala ionsair mo mháithrín 'Tá faoi dhólás anois sa bhaile Go bhfuil rópa cruaidh cnáibe 'Goil in áit mo charbhata From songsinirish.com