Agus rinne mise cleas Ag Tigh Mhic Ui Dhomhnaill aréir Is an tarna cleas ag teach An Ósta lrna thaobh An triù cleas ní bfhearr domh A chur le mo scéal Is gur mhinicí domh bheith ag caitheamh An dúthracht mhaith léi A Rí na bhfeart cad do chas Ins a' dúiche seo mé? 'S gur mó cailìn deas a gheobhainn Im' dhùthaigín beag féin Gur casadh mé isteach mar a raibh searc Agus rùn geal mo chléibh Is chuir an tseanbhean amach mé Ag casadh an tsúgáinín féir Má bhíonn tú liom, bí liom A stóirín mo chroi Ma bhíonn tú liom, bí liom Os comhair an tsaoil Ma bhíonn tú liom, bí liom Gach orlach de do chroi Is é mo liom go fann nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí Tá mo cheannsa liath le bliain Is ní le críonnacht é Ní bheathhaíonn na briathra Na bráithre pé sa domhan scéal é Is táim i do dhiaidh le bliain Is gan fáil agam ort féin Is gur geall le fia mé ar sliabh Go mbeadh gáir chon ina dhéidh Má bhíonn tú liom, bí liom A stóirín mo chroi Ma bhíonn tú liom, bí liom Os comhair an tsaoil Ma bhíonn tú liom, bí liom Gach orlach de do chroi Is é mo liom go fann nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí Do threabfainn, d'fhuirsinn Chuirfinn síol ins a' chré 'S do dhéanfainn obair shocair Álainn, mhín, réidh Do chuirfinn crú fén each Is mire shiúil riamh ar féar Is ná héalaodh bean le fear Ná déanfadh san féin Má bhíonn tú liom, bí liom A stóirín mo chroi Ma bhíonn tú liom, bí liom Os comhair an tsaoil Ma bhíonn tú liom, bí liom Gach orlach de do chroi Is é mo liom go fann nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí